Yearly Archives: 2019
< /a> Bíonn cairde cuideachta ó ranganna níos sine ar chlós na naíonán. Cabhraíonn siad leis na naíonáin cluichí a eagrú agus spreagrann siad iad Gaeilge a labhairt:
Rinne R6 físeán dar teideal “Caithfidh muid labhairt faoi Karen” a mhínigh cén chaoi a oibríonn radharc na súl. Chuir siad isteach sa chomórtas Reel Life Science agus bhuaigh siad duais €500 don scoil! Bhí ríméad orainn nuair a fuair muid an nuacht! Chuaigh muid isteach go dtí an Féile […]
Is breá linn a bheith ag obair le chéile i rang a haon. Tosaíonn ár gceachtanna Béarla le comhráite lena chéile faoi go leor rudaí éagsúla. An tseachtain seo caite, d’insíomar dá chéile faoin mbréagán is fearr linn agus rinneamar cur síos cruinn air i mBéarla: Bhí an-am againn ag […]
Comhghairdeas le cailíní agus buachaillí ó Rang 3-6 a rith ar son na scoile sa rás tras tíre sa Rinn Mhór an tseachtain seo caite. D’éirigh le foireann buachaillí rang 3&4 dul tríd go craobh an Chontae a bhí ar siúl inné. Thángadar sa dara háit rud a chiallaíonn go […]
Tá ag éirí go geal le rang a haon i nGaelscoil Riabhach agus rinneamar go leor lena chéile go dtí seo. Chuireamar colláisí ealaíonta le chéile inniu agus tá siad le feiceáil sa phasáiste. Fuaireamar ár spreagadh ó Henri Matisse: Is breá linn a bheith ag súgradh le chéile agus […]
Tharraing na daltaí i rang a haon dragúin agus féach ar an iarracht a rinne siad. Tá sé deacair a chreidiúint gur tharraing na daltaí iad seo iad féin:
Bhí an-lá againn ag an bhféile scoile ar an Aoine seo caite. Bhí na daltaí ar mhuin na muice i ndáiríre agus cén fáth nach mbeidís leis an méid a bhí ar siúl: peinteáil aghaidhe, bréagáin nua, bia blasta agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch!