Bhain rang a haon an-sult agus an-tairbhe as colláis phearsanta a chur le chéile. Spreag an t-ealaíontóir Henri Matisse (agus an curaclam mata 🙂 muid. Táimid an-bhródúil as ár saothair ealaíne:
Yearly Archives: 2019
Bhain rang a haon an-taitneamh as Lá na Seanóirí i mbliana. Bhí sé suimiúil foghlaim faoi na hathruithe a tháinig ar an gcóras scoile agus gaeilge a labhairt leo. Bhíomar an-bhuíoch gur tháinig an oiread sin cuairteoirí chugainn:
Bhí turas scoile iontach ag Rang 2 i mbliana. Chuaigh muid amach go dtí Bóthar na Trá i nGaillimh. Ar dtús bhí muid síos ar an trá ag féachaint ar feamainn, sliogáin agus go leor ainmhithe dhifriúla. Bhí an t-ádh dearg againn leis an aimsir! Ansin chuaigh muid isteach san […]
Bhí lá tallainne le déanaí leis na buanna iontacha atá ag na paistí ar fad a cheiliúradh. Bhí amhránaíocht agus ceol, draíocht agus cleasanna, rabhlóga agus damhsa, taispéantais eolaíochta agus traenáil madraí fiú!
Cúpla mhí ó shin chuir muid síolta Lus Mhic Rí (basil). Bhíomar an-tógtha leis an chaoi a d’fhás siad agus leis an mboladh uathu! Rinneamar cinneadh ár bpesto féin a dhéanamh. Ghearr muid suas an lus mic rí. Bhriseamar suas na cnónna péine. Grátálamar an cáis Parmesan agus bhrú muid […]
Tháinig fear thar a bheith spéisiúl chugainn mar aoi Aibreáin. Tá dúil ag Pat Sweeney i nádúr, crainnte, ealaíon agus go leor rudaí eile. Thaispeáin sé roinnt plandaí spéisiúla dúinn agus d’fhoghlaimear faoi na síolta agus an chaoi a fhásann siad. Ansin thaispeáin sé chuid d’á ealaíon féin againn idir […]
Bhaineamar an-taitneamh as lá na seanóirí. Bhí áthas orainn go raibh go leor sean tuistí in ann teacht isteach chugainn. Bhí ceisteanna réitithe againn agus d’fhoghlaimear an t-uafás!
Bhí an-spraoi agus spórt ag Naíonáin Bheaga an tseachtain seo caite ag glacadh páirt sa tseachtain ghníomhach! Bíonn sé ar siúl sa scoil gach bliain, i mbliana bhí idir zumba, lúthchleasaíocht, bac-chúrsa, ióga, tobshlua agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh againn!