2018/2019
Tharraing na daltaí i rang a haon dragúin agus féach ar an iarracht a rinne siad. Tá sé deacair a chreidiúint gur tharraing na daltaí iad seo iad féin:
Bhí an-lá againn ag an bhféile scoile ar an Aoine seo caite. Bhí na daltaí ar mhuin na muice i ndáiríre agus cén fáth nach mbeidís leis an méid a bhí ar siúl: peinteáil aghaidhe, bréagáin nua, bia blasta agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch!
Bhain rang a haon an-sult agus an-tairbhe as colláis phearsanta a chur le chéile. Spreag an t-ealaíontóir Henri Matisse (agus an curaclam mata 🙂 muid. Táimid an-bhródúil as ár saothair ealaíne:
Bhain rang a haon an-taitneamh as Lá na Seanóirí i mbliana. Bhí sé suimiúil foghlaim faoi na hathruithe a tháinig ar an gcóras scoile agus gaeilge a labhairt leo. Bhíomar an-bhuíoch gur tháinig an oiread sin cuairteoirí chugainn:
Bhí turas scoile iontach ag Rang 2 i mbliana. Chuaigh muid amach go dtí Bóthar na Trá i nGaillimh. Ar dtús bhí muid síos ar an trá ag féachaint ar feamainn, sliogáin agus go leor ainmhithe dhifriúla. Bhí an t-ádh dearg againn leis an aimsir! Ansin chuaigh muid isteach san […]
Bhí lá tallainne le déanaí leis na buanna iontacha atá ag na paistí ar fad a cheiliúradh. Bhí amhránaíocht agus ceol, draíocht agus cleasanna, rabhlóga agus damhsa, taispéantais eolaíochta agus traenáil madraí fiú!
Cúpla mhí ó shin chuir muid síolta Lus Mhic Rí (basil). Bhíomar an-tógtha leis an chaoi a d’fhás siad agus leis an mboladh uathu! Rinneamar cinneadh ár bpesto féin a dhéanamh. Ghearr muid suas an lus mic rí. Bhriseamar suas na cnónna péine. Grátálamar an cáis Parmesan agus bhrú muid […]