Bhí turas scoile iontach ag Rang 2 i mbliana. Chuaigh muid amach go dtí Bóthar na Trá i nGaillimh. Ar dtús bhí muid síos ar an trá ag féachaint ar feamainn, sliogáin agus go leor ainmhithe dhifriúla. Bhí an t-ádh dearg againn leis an aimsir!
Ansin chuaigh muid isteach san uisceadán é féin agus chonaic muid go leor rudaí spéisiúl. Bhí seans againn roinnt acu a bheathú, a chuimilt nó a phiocadh suas fiú!
Ag an deireadh, toisc go raibh an aimsir agus an iompar comh maith bhí tamaillín ghearr againn san ionad spraoi!
Bhaineamar an-taitneamh go deo as an lá!