oifig
Thug ár n-airíoch scoile, Gabriel, cuairt ar an stiúideo ealaíne ina cruthaíodh an dealbh os comhair na gaelscoile. Sheol sé grianghraif chugainn de.
Eagraíodh léig eitpheile agus tháinig an laoch spóirt Mick Galwey ar cuairt chun na boinn a bhronnadh. Is gaol dalta i Rang a 5 é agus labhair sé leis na hardranganna faoina éispéiris saoil sa spóirt agus na ceachtanna atá foghlama aige faoi mheas, obair foirne agus teacht aniar sa […]
Le linn Seachtain Bhithéagsúlachta 2026 chabhraigh na daltaí le Bioblitz Bhaile Locha Riach. Ar thalamh na scoile aimsíodh níos mó ná 100 spéisis suimiúla. Níl ins an méid sin ach tús. Seiceáil amach an aip inaturalist chun torthaí a fheiceáil.
Chuaigh an Coiste Glas go dtí an Ionad Siopadóireachta leis na buidéil agus na cannaí ar fad. Thuill muid €38 uathu agus ceannaíodh múirín agus bláthanna don scoil.
Le linn briseadh na Cásca tháinig roinnt iarscoláirí ar ais ar cuairt ar an nGaelscoil. Imríodh Cliuche an Rí agus bhí comhrá agus soláistí againn. Bhí sé go hálainn iad a fheiceáil ar ais linn.