Uncategorized
233 posts
Chuaigh an Coiste Glas go dtí an Ionad Siopadóireachta leis na buidéil agus na cannaí ar fad. Thuill muid €38 uathu agus ceannaíodh múirín agus bláthanna don scoil.
Le linn briseadh na Cásca tháinig roinnt iarscoláirí ar ais ar cuairt ar an nGaelscoil. Imríodh Cliuche an Rí agus bhí comhrá agus soláistí againn. Bhí sé go hálainn iad a fheiceáil ar ais linn.
Míle buíochas do Choiste na dTuistí as an gcóisir Imbolc a eagrú… beagnach €2000 bailithe don scoil!
Thug Rang Mhúinteoir Joe cuairt ar mhuileann áitiúil ar Mháirt na bPancóg/ Máirt na hInide agus iad ag foghlaim faoi chruithneach go plúr agus coirce go leite.