Tháinig foirne ó Scoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Sluaighe chun cliuchí a imirt linn ár pháirc na scoile an tseachtain seo. D’éirigh thar cionn linn agus bhain ‘chuile dhuine taitneamh as an lá.
Blog
Tá rang a 4 agus a 5 ag foghlaim cén chaoi ficheall a imirt. Is cluiche iontach é ach an rud is fearr faoi ná foghlaim cén chaoi meas a léiriú le chéile agus cén chaoi buachaint agus cailliúint a láimhseáil i gceart.
Bhain Rang a Sé an taitneamh as dhá oíche i Leitir Mealláin sa Ghaeltacht. Bhíomar in éineacht le dhá scoil eile agus ghlacamar páirt i réimse leathan gníomhaíochtaí, idir spóirt uisce, cluichí, damhsa agus gníomhaíochtaí ar an trá. Bhí an spraoi againn agus bhí sé iontach na páistí a fheiceáil […]
Ghlac Rang a Trí ⁊ Rang a Ceathair páirt i mblitzchomórtas sacair inniu i mBaile Átha an Rí in aghaidh na Gaelscoileanna eile sa cheantar. Bhí an-spraoi againn! Bhuaigh foireann na gcailíní cluiche amháin 4:0!
Bhí muid ag foghlaim faoinár gcnámharlach an tseachtain seo i R3! Rinne muid turgnamh inniu chun fháil amach cad a tharlaíonn do bhlaosc uibhe má bhaintear an cailciam aisti? Beidh an freagra againne an tseachtain seo chugainn!
Rinne R1 féinphortráidí ag úsáid pastail ola. Bhíomar ag plé go raibh gach ceann difriúil agus uathúil cosúil linn féin.
Rinne na páistí feinphortraidí le déanaí! Bhí muid ag foghlaim faoi dathanna teolaí agus dathanna fionnuara.