2025/2026
Thug daltaí Rang 4 camchuairt ar na ranganna eile an tseachtain seo le taispeáint a méid a d’fhoghlaim siad ar na boscaí ceoil ar scoil i mbliana. Tá muid an-bhuíoch as Gaeilge Locha Riach as tacú linn leis an togra seo as Melissa Clarke as an uirlis a mhúineadh do […]
Míle buíochas leis an Seanadóir Shane Mac Oireallaigh as cuireadh a thabhairt donRang a 6 teacht go dtí Teach Laighin inniu!
Tá Rang a 6 beagbach ag deireadh a gcuid ama i nGaelscoil Riabhach. Inniu chuaigh muid go dtí an pháirc spraoi agus na cúirteanna leadóige le chéile den uair deiridh!
A chairde, seo daoibh cúpla grianghraf ón Lá Gníomhach i mbliana! Here are some photos from our Lá Gníomhach (Active Day/Sport’s Day) this year!
Seo daoibh roinnt ghrianghraf ó thuras scoile Rang 2 agus Rang 3 go Tailte Fiáine inniu. Bhí lá den scoth againn! Here are some photographs from Rang 2 and Rang 3’s school tour to Wildlands today. We had a brilliant day!
Bhí an-craic againn ar fad ag Kardio Kids i mBáile Átha an Rí inné. Bhí ár gcéad turas scoile comh maith go bhfuil muid ar fad ag iarraidh dul arís inniu!
Le déanai, d’fhoghlaim muid faoin mbithéagsúlacht atá mórthimpeall orainn. Bhí na páistí ag foghlaim faoi feithidí is ainmhithe ar na gaobhair sa scoil s’againne. Mar sin, chruthaigh na páistí a n-ainmhithe fhéin le cairtchlár, páipéar, adhmaidh agus neart rudaí eile.
Le déanaí, ghlac na buachaillí i nGaelscoil Riabhach páirte i gCumann na mBunscoil. Cé nár éirigh leo bogadh ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile, rinne siad uilig a seacht ndícheall agus ba chóir dóibh a bheith bródúil astu fhéin!
Bhíomar comh te le cúpla lá anuas gur shocraigh muid linn lámhacán a fháil. Bhí an-craic againn idir sin agus ár amóg! Chríochnaigh muid suas le uachtar reoite – lá den scoth!