Chuir na páistí i Rang a cúig seó i láthair ar na mallaibh do Rang a haon, naíonáin bheaga agus naíonáin mhóra. Le coicís anuas, rinne na páistí i Rang a cúig obair na gcapall chun a gcuid puipéid fhéin a gcruthú agus a guid scripteanna a scríobh. Rinne siad […]
Múinteoir Jason
D’úsáid na páistí i rang a 5 a gcuid scileanna matamaitice le déanaí chun achar áiteanna difriúla an chlóis a thomas.
Cruthaíodh ulóga i rang a 5 ar na mallaibh. Rinne siad éacht iontach. Thaispeáin siad smaointe is modhanna iontacha a chuireadh ionadh ort! D’úsáid siad scileanna fiontraíochta don cheacht ar fad ⁊ ba chóir dóibh a bheith bródúil astu fhéin!
Chruthaigh na páistí ciorcaid ar na mallaibh nuair a bhí siad ag fiosrú an chaoi a n-oibríonn na cadhnraí, sreanga agus bolgán le chéile. D’éirigh go hiontach leo agus fuair siad neart bealaí amach chun na ciorcaid a gcruthú gan na gnáth-uirlisí!
Rinne na páistí féinphortráidí le déanaí don chóisir Imbolc agus d’éirigh go hiontach leo leis an ealaín siúd! D’úsáid siad an stíl chlódóireacht chun iad a gcruthú agus b’éacht a n-iarrachtaí ar fad!
Cruthaigh na páistí i rang a 5 cúpla ciorcad le déanaí. Chonaic siad an nasc atá idir an cadhnra, an solas ⁊ an ‘seoltóir’ (na línte déanta leis an bpeann luaidhe). Rinne siad sár jab leo.
Bhí na páistí i Rang a 5 agus Rang a 2/3 ag glacadh páirt i léitheoireacht roinnte le déanaí. Thaitin an deis go mór leis an dá rang oibriú le chéile chun a gcuid scileanna léitheoireachta a bhfeabhsú lena chéile. The children in 5th class and 2/3rd class took part […]
Le déanaí, bhí na páistí i rang a 5 ag foghlaim faoi fórsaí agus an t-arm ársa, an crann tabhaill. Ar dtús, dhear siad a gcrainn tabhaill fhéin. Chuir siad mórán obair isteach ina grúpaí agus ag an deireadh, bhí siad ar fad in ann crann tabhaill feidhmiúil a cruthú. […]
Le déanaí, bhí na páistí i rang a 5 ag foghlaim faoi sholas. Chonaic muid go lúbann an tsolais nuair a théann sé tríd mheán atá tiubh cosúil le uisce. Chomh maith leis sin, fuair muid amach go bhfuil solas déanta as neart dathanna eile. Tá muid in ann na […]
Le haghaidh Seachtain na hEolaíochta bhí na páistí i rang a cúig ag foghlaim faoin gcnámharlach. Bhí ainmneacha na gcnámh á bhfoghlaim acu i rith na seachtaine agus ansin chun an t-eolas seo a dheimhniú, chruthaigh na páistí lámha tríd úsáid sreang, soip agus páipéar. Rinne siad sár jab leo […]