Bhí an-craic againn ar fad ag Kardio Kids i mBáile Átha an Rí inné. Bhí ár gcéad turas scoile comh maith go bhfuil muid ar fad ag iarraidh dul arís inniu!
Imeachtaí Speisialta
Le déanaí, ghlac na buachaillí i nGaelscoil Riabhach páirte i gCumann na mBunscoil. Cé nár éirigh leo bogadh ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile, rinne siad uilig a seacht ndícheall agus ba chóir dóibh a bheith bródúil astu fhéin!
Bhíomar comh te le cúpla lá anuas gur shocraigh muid linn lámhacán a fháil. Bhí an-craic againn idir sin agus ár amóg! Chríochnaigh muid suas le uachtar reoite – lá den scoth!
Chun deireadh an téarma a cheiliúradh, bhí spraoi spesialta againn le cúr amuigh inár ngáirdín beag. Bhaineamar craic iontach as an spraoi céadfach seo. Seans maith gi ndéanfaidh muid arís é seo!
Tháinig cuairteoirí spesialta isteach i rith na seachtaine. Bhí cuma ar an scéal nach eainh siad i dtaithí ar bheith ar scoil ach bhí siad an mhaith. Bhaineamar an taitneamh as iad a fheiceáil, a cuimikt agus fiú iad a bheathú!
Cruthaíodh ulóga i rang a 5 ar na mallaibh. Rinne siad éacht iontach. Thaispeáin siad smaointe is modhanna iontacha a chuireadh ionadh ort! D’úsáid siad scileanna fiontraíochta don cheacht ar fad ⁊ ba chóir dóibh a bheith bródúil astu fhéin!
Bhí lá iontach inniu ag ár bhfoirne fichille, Na Ridirí agus Na Ridirí Óga! Ghlac muid páirt i gcomórtas fichille i nGaelscoil de hÍde le thart ar 150 imreoirí óga eile ó scoileanna timpeall an chontae. D’imir gach duine 6 chluiche agus d’éirigh ho hiontach le gach duine!
Féach ar an ealaíon álainn seo atá seolta chuig an Comórtas Ealaíona Páistí Texaco. Go neirí go geal libh uilig!
D’fhèadfadh bia nua a bheith deacair do páistí le uathachas. Bhí rang Eilís an cróga inniu ag leagadh lámha ar nó fiú ag blaiseadh torthaí éagsúla agus pancóga. Maith sibh uilig!
Rinne muid turgnamh eolaíochta le déanaí faoi aigéid agus bunanna. Bhí leachtanna éagsúla againn agus d’úsáid muid táscaire pH (pH indicator) leis an triail a dhéanamh. Rinne muid an táscaire as cabáiste dearg agus uisce – cuireann sé dath corcra ar an uisce. Nuair a chuir muid an táscaire corcra […]