Ghlac muid páirt i mBliotsa Sacair an tseachtain seo caite le Gaelscoileanna eile sa cheantar. D’éirigh go rí-mhaith lenár bhfoirne agus bhí lá iontach againn! Míle buíochas le Coláiste an Eachréidh as an lá a eagrú.
Gaelbhratach
Agus muid ag druidim deireadh ár dara bhliain ag obair ar an téama de bithéagsúlacht, tá sé in am dúinn fáil amach cé mhéad atá muid tar éis foghlaim. Ba bhreá leis an gCoiste Glas dá mbeadh daltaí agus múinteoirí na scoile in an tabhairt faoin suirbhé beag seo chun […]
Tar éis ár mbua iontach le Reel Life Science, tháinig Raidió na Gaeltachta i dteagmháil chun labhairt linn! Seo agallamh a rinne muid leis an gclár Iris Aniar! https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/22463068
Ghlac daltaí (agus múinteoirí) ón scoil páirt i maidin fhilíochta Fhéile Raifteirí Dé Sathairn seo chaite. Chuaigh siad abhaile le céad áit san aithriseoireacht agus ardmholadh don chaighdeán scríbhneoireachta ón scoil.
Comhghairdeas leis na daltaí a bhfuil réalt ór, airgid agus cré-umha faighte acu! Na dánta is fearr sa scoil!
Tá na daltaí seo ina laochra scoile! Tá ár scoil níos fearr mar gheall orthu! Labhraíonn siad Gaeilge istigh sna seomraí is amuigh ag spraoi!
Tugadh ardmholadh do na lúthchleasaithe ar fad a ghlac páirt sa gcomórtas trastíre i nGaillimh. Chomh maith leis sin moladh Gaeilgeoirí na Seachtaine
Chaith Rang a 6 trí lá (agus dhá oíche) sa Ghaeltacht….Gaeilge á labhairt acu agus táimid an-bhródúil as an gcaoi gur léiríodar béasaí agus meas ar gach éinné lenár bhuail siad.