Ar roinnt siúlóidí le déanaí chonaiceamar go leor comharthaí go bhfuil an t-earrach linn cinnte. Tá muid ag tnúth go mór leis an fás agus forbairt a thabhairt faoi deara sna seachtainní agus míonna atá amach romhainn.
Brat Glas
Seo roinnt grianghraf a ghlac mé d’obair an ranga le cúpla seachtain anuas. Ina measc, foghlaim faoi mhionbheithigh, Picasso, treodóireacht agus cruthanna 3T. Here are some photographs I took of our learning in school these past weeks. Including, learning about minibeasts, Picasso, orienteering and 3D shapes.
Tá uibheacha circe imithe abhaile le dalta i Rang 6. Tá cearc ar gor aige sa mbaile chun suí orthu. Coinnigh súil ar an mblag i gcomhair nuachta.
Agus muid ag druidim deireadh ár dara bhliain ag obair ar an téama de bithéagsúlacht, tá sé in am dúinn fáil amach cé mhéad atá muid tar éis foghlaim. Ba bhreá leis an gCoiste Glas dá mbeadh daltaí agus múinteoirí na scoile in an tabhairt faoin suirbhé beag seo chun […]
Tá na páistí sna Naíonáin Mhóra théis foghlaim faoin Saolré an Fhroig! Trí pictiúir is físeán, chonaic muid na céimeanna a théann an frog ón glóthach go dtí an frog fásta! Bhain na páistí súp as an ealaín a rinne muid chun ár bhfoghlaim a dearbhú. The Senior Infant children […]
Chuaigh muid amach le suirbhé a dhéanamh ar na plandaí a fhásann timpeall na scoile. Fuair muid a lán samplaí difriúla! Se díreach cuid acu – is iontach an rud go bhfuil a lán plandaí difriúla ann, cuireann sé go mór le bithéagsúlacht sa timpeallacht. Rachaidh muid amach níos déanaí […]
Tá na páistí ag obair ar chrainn saileacha a chur chun sconsa beo a dhéanamh sa scoil. Breathnóidh sé go deas, tabharfaidh sé cosaint don fhéar agus mhillfidh sé an t-uisce ag rith isteach ar chlós na Naíonán Mór.