Chruthaigh na páistí ciorcaid ar na mallaibh nuair a bhí siad ag fiosrú an chaoi a n-oibríonn na cadhnraí, sreanga agus bolgán le chéile. D’éirigh go hiontach leo agus fuair siad neart bealaí amach chun na ciorcaid a gcruthú gan na gnáth-uirlisí!
eolaíocht
Cruthaigh na páistí i rang a 5 cúpla ciorcad le déanaí. Chonaic siad an nasc atá idir an cadhnra, an solas ⁊ an ‘seoltóir’ (na línte déanta leis an bpeann luaidhe). Rinne siad sár jab leo.
Le déanaí, bhí na páistí i rang a 5 ag foghlaim faoi fórsaí agus an t-arm ársa, an crann tabhaill. Ar dtús, dhear siad a gcrainn tabhaill fhéin. Chuir siad mórán obair isteach ina grúpaí agus ag an deireadh, bhí siad ar fad in ann crann tabhaill feidhmiúil a cruthú. […]
Le déanaí, bhí na páistí i rang a 5 ag foghlaim faoi sholas. Chonaic muid go lúbann an tsolais nuair a théann sé tríd mheán atá tiubh cosúil le uisce. Chomh maith leis sin, fuair muid amach go bhfuil solas déanta as neart dathanna eile. Tá muid in ann na […]
Le haghaidh Seachtain na hEolaíochta bhí na páistí i rang a cúig ag foghlaim faoin gcnámharlach. Bhí ainmneacha na gcnámh á bhfoghlaim acu i rith na seachtaine agus ansin chun an t-eolas seo a dheimhniú, chruthaigh na páistí lámha tríd úsáid sreang, soip agus páipéar. Rinne siad sár jab leo […]
Bhí na paistí i Rang a Cúig ag foghlaim faoi na scamhóga le déanaí. D’fhoghlaim muid go dtéann an scairt síos nuair atá ár scamhóga ag líonadh le aer agus scaoileann na scamhóga an t-aer amach nuair a théann an scairt aníos arís. Thaispeáin muid an teoiric seo nuair a […]
Ar na mallaibh, bhí Rang a Cúig ag foghlaim faoi Gaillimh agus na rúdaí is tábhachtaí a bhaineann léi. Luaigh páiste amhain Húicéar na Gaillimhe agus mar sin, rinne muid an cinneadh an gné seo den chontae a fhiosrú. Ina dhiadh seo, rinne siad an iarracht a mbáid fhéin a […]
Bhí droichid á bhfiosrú ag na páistí i rang a cúig le déanaí mar pháirt dár gceachtanna eolaíochta. Bhí sé mar dhualgas acu a ndroichid fhéin a cruthú as páipéar amháin. Thriail siad roinnt bealaí chun droichid láidre daigne a cruthú agus, mar a fheictear sna pictiúir, d’eirigh thar cionn […]
Tá uibheacha circe imithe abhaile le dalta i Rang 6. Tá cearc ar gor aige sa mbaile chun suí orthu. Coinnigh súil ar an mblag i gcomhair nuachta.