Bhí muid ag ceiliúradh seachtain eolaíochta an tseachtain seo ar fad! Bhí seachtain iontach againn agus muid i mbun eolaíochta. D’fhoghlaim muid conas liathróidí blonag a dhéanamh le haghaidh na héin agus chomh mhaith, bhí muid ag foghlaim faoi na scamhóga le déanaí! Seo roinnt griangrafanna a léiríonn cad a […]
M. Isabelle
Taispeántais bunaithe ar an bhfoghlaim a rinneamar ar Díbhealaí! Is é Díbhealaí (Féile na Soilse) ceann de na ceiliúradh is mó i bhféilire na Hiondúigh. Ceiliúrann Díbhealaí bua na maitheasa ar an olc agus bua an tsolais ar an dorchadas.
Ghlac Rang a Trí ⁊ Rang a Ceathair páirt i mblitzchomórtas sacair inniu i mBaile Átha an Rí in aghaidh na Gaelscoileanna eile sa cheantar. Bhí an-spraoi againn! Bhuaigh foireann na gcailíní cluiche amháin 4:0!
Bhí muid ag foghlaim faoinár gcnámharlach an tseachtain seo i R3! Rinne muid turgnamh inniu chun fháil amach cad a tharlaíonn do bhlaosc uibhe má bhaintear an cailciam aisti? Beidh an freagra againne an tseachtain seo chugainn!
Rinne na páistí feinphortraidí le déanaí! Bhí muid ag foghlaim faoi dathanna teolaí agus dathanna fionnuara.