ainemaire17
11 posts
D’oibrigh rang 6 i ngrúpaí chun dreasanna gleacaíochta a chruthú. Rinneadar sár obair…mar is iondúil. Maith sibh.
Tá tús curtha le grúpa Ceoil i nGaelscoil Riabhach le meascán uirlisí á sheinnt- giotar acústach, giotar leictreach, orgán béil,ucailéile agus casú. Maith sibh Caleb, Ella, Rosie, Dylan agus Ethan.
Thug R6 cuairt ar Choláiste Naomh Bríde inniu chun an ceoldráma Shrek a fheiceáil. Bhí sé dochreidte iontach. Bhain na daltaí an-taitneamh as.
Roghnaigh gach dalta tír áirithe agus rinneadar taighde ar an dtír sin. Bhí rogha acu an tionscnamh a dhéanamh ar póstaer nó i bhfoirm PowerPoint. Obair den scoth déanta acu.
Bhí rang 6 ag foghlaim faoi maighnéadas. D’úsáid siad Lego leis chun carranna, eitleáin srl…a chruthú is a bhogadh!