Ghlac muid páirt i mbliotsa eile eitpheile inné agus d’éirigh thar cionn linn – tá dhá fhoireann ó Ghaelscoil Riabhach anois cáilithe do chraobhchomórtas na hÉireann an tseachtain seo chugainn, don chéad uair riamh! We took part in another volleyball blitz yesterday and our teams did brilliantly – both teams […]
2025/2026
Féach ar an ealaíon álainn seo atá seolta chuig an Comórtas Ealaíona Páistí Texaco. Go neirí go geal libh uilig!
Bhí lá iontach againn in Ollscoil na Gaillimhe le déanaí ag an gcomórtas eitpheile réigiúnda! D’fhoghlaim muid a lán agus tá muid ag súil le lá amach eile go luath!
Chruthaigh na páistí ciorcaid ar na mallaibh nuair a bhí siad ag fiosrú an chaoi a n-oibríonn na cadhnraí, sreanga agus bolgán le chéile. D’éirigh go hiontach leo agus fuair siad neart bealaí amach chun na ciorcaid a gcruthú gan na gnáth-uirlisí!
Rinne na páistí féinphortráidí le déanaí don chóisir Imbolc agus d’éirigh go hiontach leo leis an ealaín siúd! D’úsáid siad an stíl chlódóireacht chun iad a gcruthú agus b’éacht a n-iarrachtaí ar fad!
D’fhèadfadh bia nua a bheith deacair do páistí le uathachas. Bhí rang Eilís an cróga inniu ag leagadh lámha ar nó fiú ag blaiseadh torthaí éagsúla agus pancóga. Maith sibh uilig!
Laethanta deasa I Rang Múinteoir Eilís agus muid ag réiteach do lá cairdeas agus Lá Fhéile comh maith. Bíonn napáistí an mhór lena chéile na laethanta seo agus ag paint taitneamh as bheith le chéile agus leis an scoil uilig.
Cruthaigh na páistí i rang a 5 cúpla ciorcad le déanaí. Chonaic siad an nasc atá idir an cadhnra, an solas ⁊ an ‘seoltóir’ (na línte déanta leis an bpeann luaidhe). Rinne siad sár jab leo.
Rinne muid turgnamh eolaíochta le déanaí faoi aigéid agus bunanna. Bhí leachtanna éagsúla againn agus d’úsáid muid táscaire pH (pH indicator) leis an triail a dhéanamh. Rinne muid an táscaire as cabáiste dearg agus uisce – cuireann sé dath corcra ar an uisce. Nuair a chuir muid an táscaire corcra […]