Bhí an bua ag Gaillimh i gcraobh na hÉireann sinsir agus faoi 20 i bPeil na mBan i mbliana. Tháinig beirt imreoirí áitiúla isteach ar cuairt chugainn leis an dá chorn i rith na seachtaine! Bhí sé go hiontach éisteacht le Orla O’Connor (sinsir) agus Katie Kearns (faoi 20) agus iad ag caint faoi theacht aniar, seasmhachas agus an tábhacht a bhaineann le leanúint ar aghaidh ag imirt spóirt. Maith sibh!

