Tháinig fear thar a bheith spéisiúl chugainn mar aoi Aibreáin. Tá dúil ag Pat Sweeney i nádúr, crainnte, ealaíon agus go leor rudaí eile. Thaispeáin sé roinnt plandaí spéisiúla dúinn agus d’fhoghlaimear faoi na síolta agus an chaoi a fhásann siad. Ansin thaispeáin sé chuid d’á ealaíon féin againn idir […]
2018/2019
Bhaineamar an-taitneamh as lá na seanóirí. Bhí áthas orainn go raibh go leor sean tuistí in ann teacht isteach chugainn. Bhí ceisteanna réitithe againn agus d’fhoghlaimear an t-uafás!
Bhí an-spraoi agus spórt ag Naíonáin Bheaga an tseachtain seo caite ag glacadh páirt sa tseachtain ghníomhach! Bíonn sé ar siúl sa scoil gach bliain, i mbliana bhí idir zumba, lúthchleasaíocht, bac-chúrsa, ióga, tobshlua agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh againn!
Tá rang a haon ag foghlaim faoi mheáchan faoi láthair. Thaitin sé linn ag ligint orainn gur meánna muid féin! Bhí sé suimiúil fáil amach cé mhéad ciúb a mbíonn an meáchan céanna acu le fearas scoile!:
Tar éis scileanna bunúsacha a fhoghlaim ar an bhfeadóg stáin bhímid ar bís (ach neirbhíseach) as ucht ár seans chun ceolchoirm beag a chur ar siúl do Rang 5&6.
D’fhoghlaimid go leor le déanaí maidir le pailneoirí agus an tábhacht a bhaineann leo d’ár dúlra agus d’ár saol. D’oibrigh muid le chéile chun póstaer a cruthú le chéile do chomórtas Bailta Slachtmara Baile Locha Riach. Tá muid thar a bheith bródúil as.
Le roinnt seachtain anuas tá muid ag foghlaim scileanna bunúsacha fúáil. Ansin rinneamar píosa deas lena cinnlitreacha d’ár ainmneacha. Mar dúshlán ansin d’oibrigh muid le chéile chun focail éagsúla a dhéanamh lena litreacha – an chraic! Agus roinnt focail i nGaeilge fresin 🙂
Bhí Aoí Aibreáin álainn agus suimiúil i nGaelscoil Riabhach inniu. Tháinig eagarthóir BLOC ar TG4, Caroline Ní Dhubhchoin, ar cuairt chugainn mar chuid d’Aíonna Aibreáin. Tá go leor taithí ag Caroline. Bhí sé an-shuimiúil foghlaim faoina post reatha, a cuid taithí aisteoireachta agus na poist éagsúla a thug sí faoi. […]
Ba mhór an phribhléid í do rang a haon nuair a tháinig an cumadóir agus an ceoltóir, Máire Ní Dhuibhir, ar cuairt chugainn inné mar chuid d’Aíonna Aibreáin 2019. Bhain na daltaí an-taitneamh as an gcuairt. D’fhoghlaim siad dhá amhrán nua agus chuir siad go leor ceisteanna ar Mháire faoina […]