Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Ár bPesto Féin!

Cúpla mhí ó shin chuir muid síolta Lus Mhic Rí (basil). Bhíomar an-tógtha leis an chaoi a d’fhás siad agus leis an mboladh uathu!

Rinneamar cinneadh ár bpesto féin a dhéanamh.

Ghearr muid suas an lus mic rí.

Bhriseamar suas na cnónna péine.

Grátálamar an cáis Parmesan agus bhrú muid an gairleoig.

Mheasceamar gach rud le chéile le salann agus ola ológ.

Agus faoi dheireadh d’ith muid é!

An buachaill cróga a thóg an chéad bhlaiseadh!

YUM!

 

 

%d bloggers like this: