D’fhoglaim rang a haon faoi thábhacht na mbeacha don timpeallacht, don bhia agus do na bláthanna. Ligeamar orainn gur pónairí, piorraí, bláthanna nó beacha muid agus thuigeamar pailniú níos fearr dá bharr:
Ansin, tharraingíomar pictiúir faoi phailniú i ngrúpaí. Tá an-dúil againn san obair ghrúpa:
Ina dhiaidh sin, chuireamar ár síolta féin san ithir. Táimid ag súil go mór le spionáiste, píseanna agus biolair a fheiceáil ag fás: