Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Seachtain Eolaíochta i Rang 2

Bhíomar ag foghlaim faoi teas i rith seachtain eolaíochta. Ar dtús rinne muid staidear ar tionchar teas ar aer – go n-eiríonn sé níos mó agus go líonann sé níos mó spás. Rinne muid tionscadal chun é sin a thaispeáint. Bhí ríméad orainn nuair a d’oibrigh sé ach rinne muid dearmad aon griangraf a ghlacadh. Bhíomar an-sásta gur bhain duine amháin trial as é a ath-dhéanamh sa bhaile agus gur ghlac siad griangrafanna! Grma MC!

Chuir muid balún ar buidéal gloine ionas nach féidir le aon aer dul isteach nó ealú as. Chuir muid uisce the timpeall an mbuidéal chun an t-aer a théamh.

Nuair a bhí an t-aer níos teolaí d’eirigh sé níos mó agus líon sé an spás a bhí ann – mar sin líon sé suas an mbalún agus d’ardaigh sé. Thug muid faoi deara fresin nuair a d’fhág muid é gur thit an balún arís nuair a fhuaraigh síos an t-aer arís níos déanaí.

Ansin rinneamar staidéar ar leachtanna te agus fuar. Bhí muid ar iarraidh cinntiú go mbíonn leachtanna te níos éadroime agus, mar sin, to bhfuil siad ag iarraidh ardú más féidir. Thosaigh muid  le gloinní a líonadh le uisce te agus fuar. Ionas go mbeadh muid in ann na torthaí a fheiceáil chuir muid dath oráiste san uisce the agus dath glas san uisce fuar.

Thosaigh muid leis an uisce fuar a cur ar barr an uisce the. Bhí an t-uisce fuar níos troime agus mar sin thit sé. Bhí an t-uisce the níos éadroime agus mar sin d’imigh sé suas – mar sin mheascaigh na dhá uiscí agus rinneamar dath nua.

Ansin chuir muid an uisce the ar barr. Bhí an uisce fuar níos troime agus d’fhan sé ar bun. Bhí an uisce the níos eadroime agus d’fhan sé ar barr. Mar sin níor mheascaigh na dathanna ar corr ar bith.

%d