Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Tús maith; leath na hoibre

Tá ag éirí go geal le rang a haon i nGaelscoil Riabhach agus rinneamar go leor lena chéile go dtí seo. Chuireamar colláisí ealaíonta le chéile inniu agus tá siad le feiceáil sa phasáiste. Fuaireamar ár spreagadh ó Henri Matisse:

Is breá linn a bheith ag súgradh le chéile agus cuirfimid tús leis an lá scoile le súgradh gach aon lá:

Is breá linn cártaí a imirt le chéile agus feabhsaíonn ár nGaeilge dá bharr:

Bíonn drámaíocht ar siúl againn gach seachtain agus bainimid an-taitneamh as:

Bhí Taispeáin agus Inis againn ag tús na bliana. Seans álainn a bhí ann aithne níos fearr a chur ar a chéile agus insint don rang faoin ár gcuid rudaí speisialta. Ghlac an múinteoir páirt freisin!:

 

 

 

 

%d