Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Reel Life Science 2019!

Rinne R6 físeán dar teideal “Caithfidh muid labhairt faoi Karen” a mhínigh cén chaoi a oibríonn radharc na súl. Chuir siad isteach sa chomórtas Reel Life Science agus bhuaigh siad duais €500 don scoil! Bhí ríméad orainn nuair a fuair muid an nuacht! Chuaigh muid isteach go dtí an Féile Eolaíochta in OÉ Gaillimh lenár duais a fháil ó Joanna Donnelly ó Met Éireann!

Is féidir breathnú ar an bhfíseán thíos freisin!

%d bloggers like this: