Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Greenwave 2013

Tá Gaelscoil Riabhach páirteach arís sa bhfeachtas “Greenwave” i mbliana. Is tioscadal Eolaíochta é Greenwave ina mbíonn páistí i scoileanna ar fud na tíre ag faire amach ar chomharthaí an Earraigh. Má fheiceann tú aon cheann de na 6 speiceas i gceist, is féidir pictiúr a ghlacadh agus a sheoladh chun ephost na hoifige nó M. Brian agus cuirfidh muid suas ar shuímh Greenwave iad. Téigh go dtí http://www.greenwave.ie chun tuilleadh eolais a fháil agus chun na pictiúir ó scoileanna ar fud na tíre a fheiceáil.

Is iad na rudaí lena bhfuil muid ag súil faoi láthair ná – síol froganna (frogspawn), bachlóga Crainn Cnó Capaill ag oscailt (horse chestnut buds opening) agus an sabhaircín faoi bhláth (primroses blooming).

Seo pictiúr a ghlac Jack i Rang 5 de síol froganna i Sliabh Eachtaí! Tá sé curtha againn go dtí suímh Greenwave anois, ach bheadh fáilte roimh aon phictiúir eile a nglacfaidh sibh!

Síol froganna, pictiúr glactha ag Jack, R5.

One thought on “Greenwave 2013”

Comments are closed.

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading