[media id=44] Bhí bliain iontach ag R6 agus R5 le chéile, agus anois tá se in am slán a rá le R6. Ba ghrúpa den chéad scoth iad. Guímis gach rath orthu agus iad ag bogadh ar aghaidh go dtí an mheánscoil. Beidh fáilte rompu i gcónaí teacht ar ais […]
2012/2013
Bhí an Lá Eolaíochta bliantúil againn ar an Déardaoin agus bhí obair iontach le feiceáil sna ranganna ar fad timpeall na scoile. Tháinig tuismitheoirí isteach chun ár gcuid Eolaíochta a fheiceáil. Bhí chuile shórt ó bolcáin agus lampaí lábha go dtí peireascóp agus gealacha Iupatair le feiceáil! Rinne Rang 5 […]
Bhuail muid bóthar go luath inné agus thug muid ár n-aghaidh ar Áth Luain. Stop muid ar dtús i Iarsmalann Derryglad áit a bhfuair na páistí deis breathnú ar rudaí difriúla a bhí ag na daoine a d’imigh romhainn. Ansin stop muid i Ionad Spraoi i Áth Luain áit ar bhfuair […]
Rinne muid iarracht feiceáil an raibh muid in ann risíní a chur ag damhsa. Tá na rísíní níos troime ná uisce agus mar sin téann siad go híochtar. Greamaíonn bolgáin dé-ocsaíd charbóin ón deoch do na rísíní agus anois tá na ‘bolgáin + rísíní’ níos éadroime na an deoch agus […]
Rinne muid iarracht ola agus uisce a mheascadh ach níor éirigh linn. Tá ola níos éadroim ná uisce agus mar sin snámhann ola ar uisce.
Ar an Aoine chuaigh muid go dtí oscailt oifigiúil Garraí na mBocht, ag Otharlann Naomh Breandáin. Is reilig í ina bhfuil na céadta daoine a chailleadh i rith an Ghorta Mhóir curtha. Socraíodh gairdín poiblí a dhéanamh ann in onóir na ndaoine atá curtha ann, agus breathnaíonn sé go hálainn. […]
Seo cuid de na rudaí a scríobh Rang a 6 faoin turas go dtí an Chróit: Fuair muid bus go Baile Átha Cliath agus ansin bhuaill muid le Gaelscoil Bhaile Brigín. Bhí Jordan, Fiachra, Rían, Amy, Liadán agus Áine ann ó Ghaelscoil Bhaile Brigín. Fuair muid eitleán go Zadar […]
Ar an Luan rinne muid turgnamh áit gur bhain muid úsáid as fínéagar, púdar bácála, agus balún. D’éirigh linn an balún a bhí ar bharr an bhuidéal a shéideadh. Séard a tharla ná nuair a mheasc muid an fínéagar agus an púdar bácála le chéile chruthaigh sé gas taobh istigh […]