[media id=44]
Bhí bliain iontach ag R6 agus R5 le chéile, agus anois tá se in am slán a rá le R6. Ba ghrúpa den chéad scoth iad. Guímis gach rath orthu agus iad ag bogadh ar aghaidh go dtí an mheánscoil. Beidh fáilte rompu i gcónaí teacht ar ais chun muid a fheiceáil. Rinne muid an físeán seo dóibh ag canadh “Amhrán na gCupán” (The Cup Song from Pitch Perfect as Gaeilge) le chéile le R5, chun deireadh a chur leis an mbliain – bainigí sult as!