Bhí an Lá Eolaíochta bliantúil againn ar an Déardaoin agus bhí obair iontach le feiceáil sna ranganna ar fad timpeall na scoile. Tháinig tuismitheoirí isteach chun ár gcuid Eolaíochta a fheiceáil. Bhí chuile shórt ó bolcáin agus lampaí lábha go dtí peireascóp agus gealacha Iupatair le feiceáil!
Rinne Rang 5 agus 6 “Camera Obscura” as seomra M. Anna. Cé nach raibh sé ró-ghrianmhar, d’éirigh go maith leis, agus rinne muid an físeán seo taobh istigh den tseomra ag taispeáint roinnt páistí Rang 4, 5 agus 6 ag spraoi taobh amuigh – an féidir leat éinne a aithint?
[media id=43]
One thought on “Lá Eolaíochta 2013”
bhí lá an maith againn xx bhí gach lá an maith i ngaelscoil riabhach tá me an-bhrónach gan gaelscoil riabhach