2012/2013
An tseachtain seo táimid ag déanamh roinnt dul siar ar na hábhair difriúla atá clúdaithe againn sa mhata ó thús na bliana. Rinne muid an dul siar i bhfoirm stáisiúin. Rinne muid dul siar ar airgead, codáin, cruthanna 2T agus ar airgead inniu.
Le roinnt seachtainí anuas bhíomar gnóthach leis an ealaíon. Rinne muid cúpla téama difriúla a chlúdú. Bhí muid ag foghlaim faoin ngrianchóras agus saol ag bun na farraige. Chomh maith leis sin rinne muid breathnadóireacht ar ealaíon Kandinsky agus shocraigh muid ár iarracht féin píosa dá chuid ealaíne a dhéanamh.
Rang a Sé ag imeacht oíche Aoine…..an bhfuil sibh ag súil leis….duais ag Múinteoir Pól ar an turas don paragraf is fearr scríofa faoin chaoi a mhothaíonn tú faoin turas.
Ghlac muid páirt sa seó teilifíse TG4 Bog Stop, i nGaillimh, ar an Luain. Bhí seisear ar an bhfoireann. Bíonn ar na hiomaitheoirí ceisteanna a fhreagairt agus a bheith ag bogadh timpeall ar scáileáín plasma chun duaiseanna a bhuachaint. Bhailigh ár gcuid imreoirí a lán duaiseanna agus bhuaigh muid an […]
Ba lá mór é inniu – bhí An Díospóireacht Mhór ar siúl i dTeach na Cúirte i mBaile Locha Riach. Bhí ceithre Ghaelscoil páirteach ann, muid féin, Gaelscoil Mhichíl Cíosóig, Gaelscoil De hÍde agus Gaelscoil an Bhradáin Feasa. Bhí ceithre rún ann agus dhá fhoireann in aghaidh na scoile. Díospóireacht […]
Tá áthas an domhain orainn mar gheall ar an gcomórtas Sheachtain na Gaeilge “Clár Raidió” a bhuaigh muid – rinne muid a lán oibre air agus tá muid an-bhródúil an comórtas mór seo a bhuachaint! We are delighted to have won the Seachtain na Gaeilge Best Radio programme competition again […]
Mata/ Táblaí www.oswego.org/ocsd-web/games/mathmagician/mathsadd.html www.theschoolhub.ie/sample.php www.oswego.org/ocsd-web/games/mathmagician/mathssub.html www.ilearn.ie www.woodlands-junior.kent.sch.uk/maths Litríocht/Litriú www.woodlands-junior.kent.sch.uk/literacy/ www.ictgames.com/lcwc.html
Fuair muid nuacht iontach tráthnóna – bhuaigh Gaelscoil Riabhach an comórtas náisiúnta Chlár Raidió do Sheachtain na Gaeilge Rang 5/6! Is iontach an nuacht é, agus tá sé tuillte go maith ag na páistí a scríobh agus a rinne taifead ar an gclár. Seo í an dara bliain as a […]
Ba sheachtain mhór spóirt í i nGaelscoil Riabhach – sacar ar an Máirt, cluiche iománaíochta ar an Aoine agus ar an gCéadaoin bhí an comórtas Lúthchleasaíochta Manning ar siúl. Is comórtas bliantiúil idir scoileanna áitiúla é seo, agus i mbliana bhí 12 scoil páirteach ann. Glacann páistí ó gach rang […]