2012/2013
Tharraing agus dathaigh Ben agus Robert i Rang a Sé an pic iontach seo chun cabhrú linn comhaireamh i ndóanna timpeall na scoile. Cé mhéad súile ar fad atá ann? More maths games at this link: http://mal.ilearn.ie/MaL_Activities/ca23/ca23.htm
Cén cineál damhann alla atá sna griangraif thuas? Bhí sé lasmuigh de fhuinneog Mhúinteoir Pól inniu agus ghlac muid griangraf de. Cabhróidh an nasc seo…http://www.gardenofireland.com/workbook/?tag=ireland Scríobhaigí bhúr bhfreagraí thíos.
Tá muid ag foghlaim faoi Naomh Breandán sa Stair faoi láthair i Rang a 5 agus 6. Tá baint láidir aige leis an gceantar seo – an bhfuil sibh in ann aon rud thart ar Bhaile Locha Riach atá ainmnithe le haghaidh Naomh Breandán a scríobh isteach mar fhreagra? (Cartaí […]
Cuireann muid Fáilte Uí Cheallaigh roimh na Naíonáin Mhóra a thosaigh linn i mbliana. A big welcome to the Junior Infants who started with us this year. Bíonn siad ag spraoi go deas le chéile ‘chuile mhaidin. They all play together nicely each morning. Maith sibh!
Rinne na páistí an píosa ceol seo chun tacú leis an bhfoireann iomána ar an Domhnach. Tá súil againn go mbeidh Liam Mac Cárthaigh ag teacht ar cuairt chugainn go luath! [media id=22 height=20]
Cailleadh Neil Armstrong le déanaí i Meiriceá. Ba é an chéad duine é a leag cos ar an nGealach riamh. In onóir dó agus dá chomghleacaithe Buzz Aldrin agus Michael Collins a chuaigh go dtí an Ghealach i mí Iúil 1969 in Apollo 11, rinne muid na pictiúir seo le […]
Tá muid ar ais arís agus ag socrú isteach cheana féin! Tá sé go hiontach na páistí ar fad a fheiceáil arís agus roinnt cairde nua freisin idir páistí agus múinteoirí! Beidh Raidió Riabhach ag craoladh go luath leis an nuacht ar fad ó Ghaelscoil Riabhach!