Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Comórtas Lúthchleasaíochta Manning

Ba sheachtain mhór spóirt í i nGaelscoil Riabhach – sacar ar an Máirt, cluiche iománaíochta ar an Aoine agus ar an gCéadaoin bhí an comórtas Lúthchleasaíochta Manning ar siúl. Is comórtas bliantiúil idir scoileanna áitiúla é seo, agus i mbliana bhí 12 scoil páirteach ann. Glacann páistí ó gach rang páirt ann  agus is mór an onóir dóibh a bheith páirteach ar son na scoile. D’éirigh thar cionn lenár bhfoirne i mbliana agus bhain gach duine taitneamh as – in ainneoin na báistí!

Sa phictiúir seo tá roinnt de na páistí ó Rang na Naíonán Mór, Rang a hAon agus Rang a dó a roghnaíodh agus a ghlac páirt. Maith sibh!

%d bloggers like this: