D’fhoghlaim muid faoi mheáchan sa Mhata an tseachtain seo caite. D’úsáid muid meá agus láimhseáil muid píosaí plaisteacha a raibh 1g, 5g, 10g agus 20g. Bhí na píosaí 1g an-éadrom! Mhothaigh muid rudaí lenár lámha le rá cé acu is troime, agus ansin rinne muid seic leis an meá.
2012/2013
Bhí an comórtas sacair FAI ar siúl i nGaillimh inné. Ghlac buachaillí agus cailíní Rang 5 agus 6 páirt ann agus d’éirigh go hiontach leo. Bhuaigh na buachaillí na cluichí ar fad ina ngrúpa! Bhí lá iontach againn ar fad.
Rinne muid stáisiúin sa mhata inniu. Bhí meascán de ghníomhaíochtaí ann ar nós focail abairtí, cluichí ríomhairí agus cluiche cuimhne. Bhí siad ar fad an gnóthach ag iarraidh a gcuid cluichí féin a chríochnú.
[media id=41 height=20] Tá muid ag glacadh páirte arís sa chomórtas “Clár Raidió” do Sheachtain na Gaeilge, ina mbíonn scoileanna ar fud na tíre ag scríobh agus ag taifead a gcláir raidió féin. Sa mhír seo, rinne na páistí a gclár bréagach féin – “Mata nó Bás” – tráth na […]
[media id=40 height=20] Bhí muid ag foghlaim faoin Ungáir – ceann de na tíortha ina bhfuil cairde Comenius againn. D’fhoghlaim muid faoi stair agus tíreolaíocht na tíre, agus faoi dhaoine cáiliúla ón Ungáir freisin. I measc na ndaoine ar a rinne muid staidéar bhí Ferenc Liszt, Béla Bartok, Zoltan Kodaly, […]
Chuaigh Rang 5 agus 6 go dtí Baile Átha an Rí ar an Déardaoin chun páirt a ghlacadh i seó mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Bhí gaelscoileanna eile in oirthear na Gaillimhe páirteach freisin, chomh maith le scoláirí Choláiste an Eachréidh (iarscoláirí d’ár gcuid san áireamh!) Léirigh muid dráma […]
Seachtain Na Gaeilge atá ann! Bhí tráth na gceist ag rang Máire-Treasa ar an gCéadaoin. Tháinig Rang Mia ar chuairt chugainn agus ghlac siad páirt ann freisin. Bhain siad an-taitneamh as. Tá na páistí ag súil go mór leis an gcéilí inniu.
Le seachtain anuas tá muid ag foghlaim faoin Afraic. D’fhoghlaim muid faoi na nósanna a bhíonn acu ansin. D’fhoghlaim muid faoi céard a itheann agus a ólann siad. Tháinig Mamaí Raphi agus Theo isteach ar chuairt chugainn. Bhí siad tar éis a bheith san Afraic le linn an tsamhraidh. D’inis […]