Le cúpla seachtain anuas tá cuairteoir inár rang. Iago is ainm don cuairteoir. Téann Iago abhaile leis na páistí chuile oíche is nuair a bhíonn na páistí ina gcodladh scríobhann Iago nóta ina dhialann faoi céard a rinne sé an tráthnóna sin. Tá Iago agus na páistí ag baint an-taitneamh […]
2012/2013
Tá Gaelscoil Riabhach páirteach arís sa bhfeachtas “Greenwave” i mbliana. Is tioscadal Eolaíochta é Greenwave ina mbíonn páistí i scoileanna ar fud na tíre ag faire amach ar chomharthaí an Earraigh. Má fheiceann tú aon cheann de na 6 speiceas i gceist, is féidir pictiúr a ghlacadh agus a sheoladh […]
Is muid ag foghlaim faoin t-Earrach na laethanta seo, shocraigh muid go ndéanfadh muid radharc de bhláthanna ag fás a phéinteáil. Rinne na páistí iad a phéinteáil ar an Aoine agus ansin inniu d’éirigh leo iad a chriochnú. Tharraing siad muilte gaoithe agus tithe siar ón bpáirc.
Rinne na páistí sár-iarracht inniu ag gléasadh do Lá na Leabhar! Seo cúpla pictiúr do na páistí – agus an príomhoide!
Tháinig muid ar fad ar scoil inniu gléasta mar daoine éagsúla ó leabhair difriúla. Tháinig athair Raphi Philip isteach chugainn ar chuairt agus léigh sé scéal dúinn. Bhain na páistí an taitneamh as .
Tá sár-obair ar siúl san rang ag na páistí. D’éirigh le Maisy an teastas a fháil do Ghaeilgeoir na seachtaine agus d’éirigh le Ruairí an teastas do sár-iarrachta na seachtaine a fháil.
Thug muid cuairt ar an halla áitiúil an tseachtain seo caite chun breathnú ar seó de chuid Bhranar. Bhí sé faoi chailín nach raibh inann titim ina codladh de bharr an rud beag a rinne sí agus ansin faoin scamall nach bhfágann í. Bhain na páistí an-sult as.
An tseachtain seo caite chuir muid tús leis an téama an t-Earrach san ealaíon. Seo an chéad chuid den ealaíon a rinne na páistí. Ealaíontóirí den scoth atá iontu.
Bhain na páistí an-sult as an scipatón. Rinne siad fógraí a dhearadh don lá. Scríobh agus chum siad a gcuid rannta féin. Chabhraigh siad lena chéile chun scileanna nua scipeála a chleachtadh.