Mar chuid de Chroí na Scoile le déanaí i Rang a hAon agus Rang a Dó bhí na páistí i mbun míme. B’é an téama a bhí againn ná ullmhúcháin agus a chaoi ina n-ullmhaíonn muid d’ócáidí móra in ár saolta. Ina dhiaidh sin pléadh an t-ullmhúchán a bhí le […]
2012/2013
Arís an tseachtain seo bronnadh teastais sna ranganna uilig ar pháistí de bharr sár-iarrachta agus ar an té a dhéanann an-iarracht ag labhairt Gaeilge. Seo an bheirt Naíonáin Bheaga lena teastais féin.
Tá muid ag foghlaim faoin gCarghas i gCroí na Scoile an mhí seo. Chuala muid an scéal faoi Íosa ag troscadh sa bhfásach, agus an bealach gur tháinig an Diabhal chun é a mhealladh. Rinne muid cluiche drámaíochta bunaithe air. Bhí leath na bpáistí ag iarraidh Íosa a ligean i […]
Bhailigh na páistí a lán airgid d’ár Scipeatón i mbliana agus tá moladh mór tuillte acu ar fad. Míle buíochas freisin do na teaghlaigh, tuismitheoirí agus cairde eile a thug tacaíocht agus urraíocht dóibh. Many thanks to the families, parents and friends who sponsored the children in our recent Skipathon […]
D’fhoghlaim muid faoi sholas san Eolaíocht le déanaí. D’úsáid muid scátháin agus cartan bainne folamh chun peireascóp a dhéanamh – bhain muid ar fad triail as breathnú os cionn na boird agus timpeall na cuinní!
Chuaigh rang 4, 5 agus 6 ar thuras scoile go dtí Baile Átha Cliath ar an Máirt. Chuaigh muid go dtí an Mosc, go dtí Músaem an Stair Dúlra agus go dtí Teach Laighean. D’fhoghlaim muid an t-úafás! Labhair muid le Ali sa Mosc faoin Ioslam, chonaic muid ainmhithe iontacha […]
Bhí aimsir fhoirfe againn don Scipeatón inné buíochas le Dia, agus tá moladh tuillte ag na ranganna ar fad – bhí an scipeáil ar siúl go leanúnach ar feadh an lae. Seo Rang 5 agus 6 arís, ag scipeáil i mbealach éagsúil! [media id=37]
Bhí chuile pháiste sa Ghaelscoil ag scipeáil inné ar an gclós chun airgead a bhailiú do Speeders i nGaillimh agus Ospidéal na bPáistí, Cromghlinn. Seo físeán beag do na páistí in aicsin! [media id=36]
A chairde, tá Rang a Dó agus Rang a Trí ag obair go crua. Tá siad ag tabhairt faoin scríbhneoireacht Béarla ar nós fíor-scríbhneoirí. Tá siad ag déanamh cúpla ceardlann le Múinteoir Carol agus mé féin faoi láthair. Tá siad ag iarraidh feabhas a chur ar an bhfoclóireacht atá in úsáid acu. I gceann cúpla […]