Bhailigh na páistí a lán airgid d’ár Scipeatón i mbliana agus tá moladh mór tuillte acu ar fad. Míle buíochas freisin do na teaghlaigh, tuismitheoirí agus cairde eile a thug tacaíocht agus urraíocht dóibh.
Many thanks to the families, parents and friends who sponsored the children in our recent Skipathon and made it such a great success.
Shocraigh muid €1500 a thabhairt don grúpa Speeders i nGaillimh, grúpa a thugann deis do pháistí faoi mhíchumas fisiceach páirt a ghlacadh i spórt agus aclaíocht. Tháinig Dylan, atá mar bhall de Speeders, chun labhairt linn faoi na spóirt a dhéanann sé leis an gclub – is breá leis cispheil agus seoltóireacht i measc a lán spóirt eile. Sa bhfíseán seo tá Dylan ag baint triail as rothar láimhe – leis an airgead a bhailigh na páistí beidh Speeders ábalta rothar mar seo a cheannach ionas go mbeidh páistí eile in ann triail a bhaint as an meaisín iontach seo!
Rinne muid cinneadh an fuílleach a bhailigh na páistí a thabhairt d’Ospidéal na bPáistí, Cromghlinn.
[media id=38]
