Chuaigh Rang 5 agus 6 go dtí Baile Átha an Rí ar an Déardaoin chun páirt a ghlacadh i seó mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Bhí gaelscoileanna eile in oirthear na Gaillimhe páirteach freisin, chomh maith le scoláirí Choláiste an Eachréidh (iarscoláirí d’ár gcuid san áireamh!) Léirigh muid dráma a chum muid atá bunaithe ar an nGorta Mór – ‘sé an teideal atá air ná “An Dialann”. Beidh sé á dhéanamh againn arís ar Déardaoin 21 Márta mar chuid d’Fhéile Raiftéirí, agus don tríú uair ag oscailt gáirdín chuimhneacháin don Ghorta Mór ag Otharlann Naomh Breandáin tar éis na Cásca. Rinne na haisteoirí go hiontach agus bhí an lucht féachana an-tógtha leo. Seo cúpla radharc ón ndráma.
You may also like
Ba lá mór é inniu – bhí An Díospóireacht Mhór ar siúl i dTeach na Cúirte i mBaile Locha Riach. Bhí ceithre […]
An tseachtain seo rinne muid obair ar fórsaí. Bhí muid ag foghlaim faoi an chaoi go bhfuil pointe cothromaíocht ag gach rud. […]
Mar chuid den Seachtain Cairdeas bhí muid ag foghlaim faoi na mothúcháin éagsúla a mbíonn orainn ar fad ó am go ham. […]
Anuas ar an damhsa Gaelach, is maith linn damhsa nua-aoiseach a dhéanamh gach bliain don Chéilí Scoile. I mbliana, chum muid ár […]