Tháinig Éamon Ó Cuív T.D. ar cuairt chugainn an tseachtain seo caite. Labhair sé linn faoina shaol mar theachta dála, faoin nGaeilge, faoina chuid scolaíochta féin, agus faoin mBreatimeacht fiú! Freisin, d’inis sé a lán scéalta dúinn faoina sheanathair Éamon De Valera – ag dul ar cuairt go dtí Áras an Uachtaráin agus ag imirt peile agus iománaíochta sna gairdíní ann – agus an scéal iontach faoin uair ar chabhraigh Michael Collins leis briseadh amach as príosún! Beidh muid ag cur cuid den agallamh a chuir muid air amach mar phodchraoladh go luath!
You may also like
Ghlac rang a haon agus Múinteoir Maria páirt san MS Readathon i mbliana! Bhaineamar an-taitneamh as a bheith ag léamh agus ag […]
Tar éis ár mbua iontach le Reel Life Science, tháinig Raidió na Gaeltachta i dteagmháil chun labhairt linn! Seo agallamh a rinne […]
Bhí an-spéis go deo ag na naíonáin san eolaíocht. D’éirigh linn fuaimeanna éagsúla a chruthú agus fiú, fón baile a chruthú:

