Ghlac páistí na scoile páirt sa mhórshiúil do Lá le Pádraig inniu – agus bhuaigh muid duais – An Grúpa is Fearr! Rinne muid ár ndamhsa “Gaelscoil Riabhach Style” os comhair an ardáin leis na páistí gléasta mar thógálaithe (mar gheall ar go bhfuil muid ag súil le scoil nua […]
Daily Archives: March 17, 2013
Anuas ar an damhsa Gaelach, is maith linn damhsa nua-aoiseach a dhéanamh gach bliain don Chéilí Scoile. I mbliana, chum muid ár ndamhsa féin bunaithe ar “Gangnam Style” – “Gaelscoil Riabhach Style”! Seo na páistí i mbun damhsa ag an gcéilí. Gach duine le chéile – “Hé, cailín dathúil! – […]
Bhí ár gCéilí Scoile bliantúil ar siúl ar an Aoine – bhain gach duine an-taitneamh as. Bhí na páistí ar fad ag damhsa agus tháinig a lán tuismitheoirí freisin chun damhsa linn!
Chuaigh Rang 5 agus 6 go dtí Baile Átha an Rí ar an Déardaoin chun páirt a ghlacadh i seó mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Bhí gaelscoileanna eile in oirthear na Gaillimhe páirteach freisin, chomh maith le scoláirí Choláiste an Eachréidh (iarscoláirí d’ár gcuid san áireamh!) Léirigh muid dráma […]