Bhí muid ag foghlaim faoi na Lochlannaigh (R4) agus na Normannaigh (R5). Ansin rinne muid obair ealaíne i ngrúpaí bunaithe ar an Stair. Rinne muid Cloigtheach agus Mainistir, bád Lochlannach, cathracha Lochlannacha, agus rinne R5 teach túr Normannach, le doras a osclaíonn!
Yearly Archives: 2013
An tseachtain seo táimid ag foghlaim faoi Bhréagáin anois agus fadó. Shocraigh muid go dtabharfadh muid isteach an bréagán is fearr linn. Labhair muid faoi agus ansin scríobh muid píosa gearr faoi. Bhain na páistí ar fad an-sult as a bheith ag comhrá faoi a mbréagán féin.
Tá an Nollaig ag druidim orainn…tá muid ag obair le fabraic ionas go bhfuil muid réidh do Lá na nÉadaí Codlata!! Fan go bhfeicfidh sibh!!
Chruthaigh Rang a 5 / 6 paipéar pH chun leibhéal áigéide a thástáil. Tá méadar aigéide ordaithe againn chun tástálacha níos cruinne a dhéanamh. Chomh maith leis sin chonaic muid an freagairt idir vineagar agus bonn, cosúil le sóid.
Tháinig na Gardaí ar cuairt ag deireadh Mhí na Samhna ar Rang a 5 agus Rang a 6. Beidh siad ar ais linn san Athbhliain.
Tá na Naíonáin mhóra tar éis tús a chur lena gcuid ceachtanna béarla le coicís anuas. Bíonn an-spraoi acu ag cleachtadh na hamhráin a théann leis na fuaimeanna ó Jolly Phonics. Tá tús curtha leis an mballa béarla acu freisin.
Bhí na Naíonáin mhóra ag plé na rudaí éagsúla a tharláíonn de na hainmhithe agus na héin le linn an gheimhreadh. Shocraigh muid bia a fhágáil amach do na héin a bhíonn taobh amuigh den fhuinneog againn. Bhain muid úsáid as sean bhuidéil agus líon muid le síolta iad, ansin […]