Bhreathnaigh muid ar ealaín de chuid František Kupka, ealaíontóir Seiceach a bhí ar ceann de na ceannródaíthe san ealaín theibí (abstract art) thart ar 100 bliain ó shin. Chonaic muid mar a d’athraigh sé ó stíl thraidisiúnta go dtí stíl nua-aoiseach. Ansin d’úsáid muid píosa dá chuid mar spreagadh d’ár bpíosaí […]
Yearly Archives: 2013
Inniu rinne na páistí sár-obair leis an litriú Gaeilge. Thosaigh siad ar dtús le liosta a dhéanamh de na focail le ‘ea’ iontu a chur le chéile. As sin ansin chuaigh siad agus chum siad roinnt abairtí as a stuaim. D’éirigh go h-iontach leo. Molaim go h-ard iad.
Tá na páistí ag cleachtadh scipeáil na laethanta. Tá siad ag baint an-taitneamh as. Tá siad chun a bheith ag cumadh a gcuid rannta scipeála féin an tseachtain seo chugainn.
Rinne me turgnamh. Bhí mé ag féachaint ar ola agus ag meascadh rudaí leis. Tá mé ag iarradh lampa labha nó cruinneog sneachta a dhéanamh.
Le seachtain anuas tá muid ag obair ar an snáithe Tomhais sa Mhata. Tá na páistí théis a bheith ag úsáid nithe coitianta agus neamh choitianta chun rudaí a thomhais. Rinne siad go leor don obair i ngrúpaí de bheirt nó níos mó – áit a ndearna siad plé ar […]
Gach seachtain roimh na Nollag bhí muid ag tabhairt cuairt ar an halla áitiúil chun go mbeadh muid inann corpoideachas a dhéanamh. Bhain na páistí an taitneamh as. Gach seachtain rinne muid staisiúin. Rinne muid cleachtadh ar scileanna difriúla ar nós cén chaoi liathróid a chaitheamh i gceart, cén chaoi liathróid a chiceáil […]
An bhfuil tú in ann ocht n-ainm a aimsiú ag úsáid na siollaí agus litreacha atá sa phictiúr. (Leideanna: Tosaíonn gach ainm le ceannlitir agus tá dhá ainm Brasaíleach iontu.)
Tháinig tuismitheoir sa scoil, Warren, isteach roimh na Nollag chun labhairt linn faoin mBúdachas. Thaispeáin sé paidrín agus “mandala” dúinn. Bhí sé an-suimiúil go deo.
D’fhoghlaim muid faoi cruthanna agus cén chaoi teisiliú (tesselation) le cruthanna rialta agus neamhrialta. Seo cúpla patrún a rinne muid féin!