leathanach próifíle Gaeilge/ Béarla Rang a Cúig agus Rang a Sé: Ní mór daoibh an nasc seo thuas a chliceáil agus an foirm atá air a líonadh. Scríobhann tú abairtí maithe do ‘chuile bhosca agus cuireann tú griangraf dod’ aghaidh leis ar bharr ar dheis. Molann muid gur chóir daoibh […]
Yearly Archives: 2013
Tá an Scipeatón ag teacht go luath! Beidh muid ag bailiú airgid don ghrúpa “Speeders” i nGaillimh. Mar sin tá muid ag obair go dian ag cleachtadh – agus ag baint spraoi as! Seo físeán beag ón “obair” ar an gclós! [media id=35]
Tá mac léin ó GMIT ag teacht isteach gach seachtain chun an bogearraí Scratch a mhúineadh do R6. Beidh muid ábalta ár gcuid físeáin agus cluichí beaga féin a dhéanamh leis. An-spraoi atá ann!
Chuaigh muid amach chun meastacháin a dhéanamh ar cé chomh fada is a bhí rudaí sa chlós – na línte ar an gcúirt eitpheile, na cuingeacha agus rudaí eile. Rinne muid meastacháin ar dtús, agus ansin d’úsáid muid an roth tomhais agus téip tomhais chun a fheiceáil go cruinn cén […]
D’fhoghlaim muid faoi leictreachas agus cén chaoi ciorcaid a dhéanamh i Rang M. Brian. Rinne muid leictreamhaighnéad, teach solais, agus na soilse tráchta seo. Tá lasc (switch) le trí phointe chun na trí sholas a chur ar siúl díreach mar an gcéanna leis na soilse ar an sráid!
An tseachtain seo rinne muid obair ar fórsaí. Bhí muid ag foghlaim faoi an chaoi go bhfuil pointe cothromaíocht ag gach rud. Tugtar an meáchanlár ar seo. Rinne siad dearadh ar an t-áilteoir agus ansin rinne siad iarracht an t-áilteoir a chothromú ar a shrón. D’éirigh go hiontach leo ar […]
Ar maidin pléadh na carthanaigh gur mian linn tacú leo tríd an Scipatón. Seo a leanas an méad vótaí a chaitheadh ar son na gcarthanach éagsúil: Speeders: 16 vóta Chernobyl: 11 vóta Childline: 8 vóta Crois Dhearg: 5 vóta Amnesty Idirnáisiúnta: 4 vóta Iomlán: 44 vóta (Mata: Déan graif de […]
Tá muid ag déanamh staidéar ar an Ioslam ar scoil, le haghaidh Mawlid-al-Nabi (breithlá Muhammad#). Seo físeán a rinne muid faoi eachtra i saol an Fháidh# [media id=34]
Tá muid ag foghlaim faoi mhaighnéid faoi láthair. Rinne muid maighnéid beaga as fáiscíní páipéir agus chroch muid suas iad chun compás a dhéanamh – nuair a stop sé ag luascadh timpeall bhí sé dírithe thuaidh/theas! Rinne muid seic leis an gcompás ar fón póca an mhúinteora, agus d’éirigh leis!