[media id=41 height=20] Tá muid ag glacadh páirte arís sa chomórtas “Clár Raidió” do Sheachtain na Gaeilge, ina mbíonn scoileanna ar fud na tíre ag scríobh agus ag taifead a gcláir raidió féin. Sa mhír seo, rinne na páistí a gclár bréagach féin – “Mata nó Bás” – tráth na […]
Monthly Archives: March 2013
[media id=40 height=20] Bhí muid ag foghlaim faoin Ungáir – ceann de na tíortha ina bhfuil cairde Comenius againn. D’fhoghlaim muid faoi stair agus tíreolaíocht na tíre, agus faoi dhaoine cáiliúla ón Ungáir freisin. I measc na ndaoine ar a rinne muid staidéar bhí Ferenc Liszt, Béla Bartok, Zoltan Kodaly, […]
Ghlac páistí na scoile páirt sa mhórshiúil do Lá le Pádraig inniu – agus bhuaigh muid duais – An Grúpa is Fearr! Rinne muid ár ndamhsa “Gaelscoil Riabhach Style” os comhair an ardáin leis na páistí gléasta mar thógálaithe (mar gheall ar go bhfuil muid ag súil le scoil nua […]
Anuas ar an damhsa Gaelach, is maith linn damhsa nua-aoiseach a dhéanamh gach bliain don Chéilí Scoile. I mbliana, chum muid ár ndamhsa féin bunaithe ar “Gangnam Style” – “Gaelscoil Riabhach Style”! Seo na páistí i mbun damhsa ag an gcéilí. Gach duine le chéile – “Hé, cailín dathúil! – […]
Bhí ár gCéilí Scoile bliantúil ar siúl ar an Aoine – bhain gach duine an-taitneamh as. Bhí na páistí ar fad ag damhsa agus tháinig a lán tuismitheoirí freisin chun damhsa linn!
Chuaigh Rang 5 agus 6 go dtí Baile Átha an Rí ar an Déardaoin chun páirt a ghlacadh i seó mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Bhí gaelscoileanna eile in oirthear na Gaillimhe páirteach freisin, chomh maith le scoláirí Choláiste an Eachréidh (iarscoláirí d’ár gcuid san áireamh!) Léirigh muid dráma […]
Seachtain Na Gaeilge atá ann! Bhí tráth na gceist ag rang Máire-Treasa ar an gCéadaoin. Tháinig Rang Mia ar chuairt chugainn agus ghlac siad páirt ann freisin. Bhain siad an-taitneamh as. Tá na páistí ag súil go mór leis an gcéilí inniu.
Ta an goradán (incubator) ar ais sa scoil, agus uibheacha ann arís! Beidh muid ag siúl le sicíní beaga i gceann cúpla seachtain agus beidh na ranganna uilig ag dul ar cuairt chun iad a fheiceáil taobh amuigh den oifig. Arís beidh muid ag súil le hainmneacha suimiúla do na […]