Monthly Archives: March 2013
Céilí Scoile sa Halla Temperance -fáilte roimh thuismitheoirí freisin. School Céilí in Temperance hall – Parents welcome.
Le seachtain anuas tá muid ag foghlaim faoin Afraic. D’fhoghlaim muid faoi na nósanna a bhíonn acu ansin. D’fhoghlaim muid faoi céard a itheann agus a ólann siad. Tháinig Mamaí Raphi agus Theo isteach ar chuairt chugainn. Bhí siad tar éis a bheith san Afraic le linn an tsamhraidh. D’inis […]
Le cúpla seachtain anuas tá cuairteoir inár rang. Iago is ainm don cuairteoir. Téann Iago abhaile leis na páistí chuile oíche is nuair a bhíonn na páistí ina gcodladh scríobhann Iago nóta ina dhialann faoi céard a rinne sé an tráthnóna sin. Tá Iago agus na páistí ag baint an-taitneamh […]
Tá Gaelscoil Riabhach páirteach arís sa bhfeachtas “Greenwave” i mbliana. Is tioscadal Eolaíochta é Greenwave ina mbíonn páistí i scoileanna ar fud na tíre ag faire amach ar chomharthaí an Earraigh. Má fheiceann tú aon cheann de na 6 speiceas i gceist, is féidir pictiúr a ghlacadh agus a sheoladh […]
Is muid ag foghlaim faoin t-Earrach na laethanta seo, shocraigh muid go ndéanfadh muid radharc de bhláthanna ag fás a phéinteáil. Rinne na páistí iad a phéinteáil ar an Aoine agus ansin inniu d’éirigh leo iad a chriochnú. Tharraing siad muilte gaoithe agus tithe siar ón bpáirc.
Rinne na páistí sár-iarracht inniu ag gléasadh do Lá na Leabhar! Seo cúpla pictiúr do na páistí – agus an príomhoide!
Tháinig muid ar fad ar scoil inniu gléasta mar daoine éagsúla ó leabhair difriúla. Tháinig athair Raphi Philip isteach chugainn ar chuairt agus léigh sé scéal dúinn. Bhain na páistí an taitneamh as .