Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

An Afraic

Le seachtain anuas tá muid ag foghlaim faoin Afraic. D’fhoghlaim muid faoi na nósanna a bhíonn acu ansin. D’fhoghlaim muid faoi céard a itheann agus a ólann siad.

Tháinig Mamaí Raphi agus Theo isteach ar chuairt chugainn. Bhí siad tar éis a bheith san Afraic le linn an tsamhraidh. D’inis sí féin agus na páistí dúinn faoin t-am a chaith siad ansin. Thug siad isteach roinnt earraí a fuair siad is iad ag taisteal. Bhain na páistí an-taitneamh as, agus tá siad an-bhuíoch do Phaula a tháinig ar cuairt chugainn.

 

Thug Ruairí isteach cúpla rud a thug a athair abhaile is é ag taisteal san Afraic cúpla bliain ó shin.

 

%d bloggers like this: