Ba lá mór é inniu – bhí An Díospóireacht Mhór ar siúl i dTeach na Cúirte i mBaile Locha Riach. Bhí ceithre Ghaelscoil páirteach ann, muid féin, Gaelscoil Mhichíl Cíosóig, Gaelscoil De hÍde agus Gaelscoil an Bhradáin Feasa. Bhí ceithre rún ann agus dhá fhoireann in aghaidh na scoile. Díospóireacht iontach suimiúil de chaighdeán ard a bhí ann. Mar sin ba mhór an onóir dúinn an corn a bhuachaint! Tar éis sin bhí cluichí cairdiúla iománaíochta idir na scoileanna ar fad. Bhí muid an-bhuíoch dár gcairde sna scoileanna eile as teacht agus bhí an-spraoi againn. Beidh muid ag súil go mór leo a fheiceáil arís an bhliain seo chugainn!
You may also like
Bhí na páistí i Rang a 2&3 ag foghlaim mar gheall ar leá agus reo san Eolaíocht. Bhaineamar triail as seacláid a […]
Chuaigh rang 4, 5 agus 6 ar thuras scoile go dtí Baile Átha Cliath ar an Máirt. Chuaigh muid go dtí an […]
Chuaigh R5 agus 6 go dtí an Halla Temperance inniu chun cluichí eitpheile a imirt. Bhí ceithre fhoireann againn agus ghlac chuile […]
Bíonn scata ó na hardranganna ar chlós na naíonán ag spreagadh na naíonán agus ag labhairt i nGaeilge leo. Maith sibh féin: […]
2 thoughts on “An Díospóireacht Mhór”
An Mhaith ar fad Bhuaigh muid ;-)))()(((
BHUAIGH MUID É I GCOMHAR AN CEAD UAIR RIAMH
YEAH 🙂 🙂 🙂 🙂