Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Rang 6 sa Chróit

Seo cuid de na rudaí a scríobh Rang a 6 faoin turas go dtí an Chróit:

 

Fuair muid bus go Baile Átha Cliath agus ansin bhuaill muid le Gaelscoil Bhaile Brigín. Bhí Jordan, Fiachra, Rían, Amy, Liadán agus Áine ann ó Ghaelscoil Bhaile Brigín. Fuair muid eitleán go Zadar na Cróite agus bus ó aerfort Zadar go dtí Makarska. Is i Makarska a thosaigh muid ag caint leis na daoine ón Ghaelscoil eile i ndáiríre. Bhí siad an chairdiúil agus greannmhair agus nuair a bhí orainn dul abhaile bhí brón orainn. Fuair muid bus ar ais go dtí Baile Locha Riach agus bhuail muid lenár dtuismitheoirí.

Caoilte

 

Bhí muid i nGradac na Cróite agus chuaigh muid go dtí an trá. Bhuaigh muid an dhá cluiche sacair ach chaill muid an Euroball. Bhí Hostel Jedro an deas.

Jack

I nGradac chuaigh muid go dtí an scoil agus rinne muid rang eolaíochta. Bhí sé go mhaith. D’imir muid cluiche peile agus bhuaigh muid. Chuaigh muid ag iascaireacht ar an mbád agus bhris an bád síos 4 uair.

Arboretum: chuaigh muid go dtí áit a bhí lán le planda. Chonaic muid crann an-mhór, bhí se 500 bliana d’aois.

Paddy.

 

Rinne muid a lán cairde nua sa Chróit. Is as Gaelscoil Bhaile Brigín iad ár gcairde nua. D’éirigh muid cairdiúil leo nuair a bhí muid ar an mbus ó Zadar go dtí Makarska ar an gcéad lá. Bhí am iontach againn leo. Chuaigh muid ar bád leo agus ag iascaireacht agus d’ith muid “sladoled” (uachtar reoite) leo. Bhí am iontach againn sa Chróit.

Eibhlín.     

%d bloggers like this: