Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine

Is breá linn a bheith ag obair le chéile i rang a haon. Tosaíonn ár gceachtanna Béarla le comhráite lena chéile faoi go leor rudaí éagsúla. An tseachtain seo caite, d’insíomar dá chéile faoin mbréagán is fearr linn agus rinneamar cur síos cruinn air i mBéarla:

Bhí an-am againn ag cruthú carachtar le chéile i ngrúpaí inár gceacht drámaíochta le déanaí. Is breá linn ag bheith ag comhoibriú lena chéile. Táimid ag feabhsú gach lá!:

Bíonn ceacht ealaíne againn gach Céadaoin agus is breá linn a bheith ag foghlaim faoi ealaíontóirí éagsúla. D’fhoghlaimíomar faoi Henri Matisse, Vincent Van Gogh agus Andy Warhol go dtí seo. Táimid ag foghlaim conas péint a mheascadh freisin, mar is féidir a fheiceáil sna grianghraif:

Chuaigh rang a haon ar thuras chuig an leabharlann i mBaile Locha Riach an tseachtain seo caite. Bhíomar sceitimíneach faoi agus cuireadh fáilte mhór romhainn. Ba dhuais é an turas scoile mar gheall ar an méid iarrachta a rinneamar sa rang agus sa chlós!:

 

 

 

%d bloggers like this: