Rinne muid físeán bunaithe ar an dráma puipéid a rinne muid don Seó Samhna, An Féileacán Oíche. Tá muid chun cur isteach ar an gcomórtas “Fís” leis. Is féidir breathnú air ag an nasc Youtube thíos!
Yearly Archives: 2017
An tseachtain seo caite thug muid cuairt ar Ghairdín Bhríde i Maigh Cuillinn. Caithfidh mé a rá go raibh lá iontach ag na gasúir cé go bhfuair muid cúpla múr báistí. Chuaigh na gasúir ar thóir feithidí sa choill. Thug siad cuairt ar bhaile beag na síoga agus rinne siad […]
Bhí lá den scoth ag rang 2 inniu. Bhain muid an taitneamh as cuairt ar an gcaisleán, an gcrannóg agus an ‘Brendan Boat’ i Cragganowen. Bhí muid an-tógtha leis an cloigeann eilce a bhí ar an mballa acu. Ina dhiaidh sin bhí spórt agus spraoi againn in Ionad Spórt na […]
Bhí an Lá Spóirt agus Fete Scoile ar siúl ar an Aoine. Tugadh amach na boinn do bhuaiteoirí na léigeanna eitpheile agus sacair. Ansin bhí stáisiúin spóirt agus ghlac gach duine páirt sna himeachtaí difriúla. Bhain gach duine sult as an lá. Tar éis an spóirt, bhí an Fete ar […]
Bhí turas scoile thar a bheith spéisiúil ag rang a trí inné. Thosaíomar an lá i ndaonmhúsaem Derryglad in Áth Luain. D’fhoglaimíomar go leor faoi na laethanta atá caite agus na hathruithe a tháinig ó shin: Ina dhaidh sin, chuamar ag crúsáil ó Bhá Hodson go dtí Áth Luain. Bhí […]
Bhain rang a trí an-sult as agallaimh a scríobh i mbeirteanna inniu. Ina dhiaidh sin, chuir gach beirt na hagallaimh i láthair don rang agus rinne an rang tomhais ar cén duine cáiliúil a bhí ann. Tá an-aisteoirí agus bleachtairí againn i rang a trí, ar ndóigh!:
Caithfidh mé a rá go ndearna na gasúir go hiontach i mbliana leis an bpeil. D’éirigh linn dhá fhoireann a chur chun páirce i mbliana. Is cinnte gur éirigh leo ar fad feabhas a chur ar a gcuid scileanna peile le linn na seisiúin traenála agus na cluichí a d’imir […]
An tseachtain seo, d’fhoghlaim rang a trí faoi ghnéithe éagsúla den eolaíocht trí fhoghlaim chomhoibritheach. Mar sin, léigh gach grúpa leabhar difriúil. Léigh gach duine i ngach grúpa leathanaigh dhifriúla sa leabhar céanna. Ansin, d’inis siad dá ngrúpa faoin méid a d’fhoghlaim siad sa leabhar. Mar sin, d’fhoghlaimíomar óna chéile. […]
Is breá linn ár scileanna labhartha Gaeilge a fheabhsú le cluichí teanga. Bhí an-am againn ag imirt ‘tomhais cé mé’ i mbeirteanna:
Bhí turas scoile iontach ag Rang a 4 ar an Aoine. Chuaigh muid go hOllscoil na hÉireann, Gaillimh. Chonaic muid dhá mhúsaem ar dtús -músaem zó-eolaíochta agus músaem geolaíochta. Ansin cguaigh muid go campa gníomhaíochta san Ollscoil. Bhí snámh, dreapadóireacht agus a lán imeachtaí eile ar siúl again. Bhain gach […]