Faoi láthair tá muid ag foghlaim faoi adjectives sa Bhéarla. D’éist muid leis an scéal Gingerbread Man as Béarla agus ansin mar rang rinne muid liosta de na focail a d’fhéadfadh muid a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar an Gingerbread man.
Yearly Archives: 2017
A chairde, Seo suíomhanna úsáideach a d’fhéadfadh na gasúir a úsáid chun cleachtadh a dhéanamh ar na táblaí agus ar an litriú. Mata/ Táblaí www.oswego.org/ocsd-web/games/mathmagician/mathsadd.html www.theschoolhub.ie/sample.php www.oswego.org/ocsd-web/games/mathmagician/mathssub.html http://www.mathplayground.com/index_addition_subtraction.html http://www.topmarks.co.uk/maths-games/5-7-years/addition-and-subtraction Litríocht/Litriú www.ictgames.com/lcwc.html https://gridclub.com/activities/spellbound
Is rang an-chruthaitheach é rang a 3. Táimid ag cur go mór lenár scileanna liníochta. Féach thíos chun liníochtaí áille a fheiceáil:
D’fhoghlaim rang a 3 faoi mhaighnéadas roimh shaoire na Nollag. D’úsáideamar brathadóir miotail agus d’fhoghlaimíomar faoi earraí luachmhara a aimsíodh le brathadóirí miotail. Ar ndóigh, d’oibríomar amhail eolaithe inár ngrúpaí agus líonamar isteach ár mbileoga oibre lenár dtorthaí ina dhiaidh:
Roimh na Nollag bhí muid ag foghlaim faoi bhréagáin anois agus fadó. Thóg na naíonáin bheaga a mbréagáin féin agus bréagáin a dtuistí agus sean-tuistí isteach chun comparáid a dhéanamh. Bhain muid an taitneamh as a bheith ag spraoi leis na sean bhreagáin!!
Rinne Rang 2 togra ar tógáil roimh an briseadh. Rinne muid taighde ar tithe éagsúla agus ar dearadh phracticiúl. Bhí go leor breathnadóireacht i gceist anseo agus cinnte tá muid ag féachaint ar tithe le súile i bhfad níos oscailte anois! Togra coicíse a bhí i gceist anseo agus bhí […]