Ghlac muid páirt i gcomórtas Spikeball (eitpheil) na Gaillimhe inné. Chuir Gaelscoil Riabhach trí fhoireann isteach sa gcomórtas agus d’éirigh thar cionn leo ar fad. D’éirigh leis Na Iaguair dul tríd gan oiread is cluiche amháin a chailliúint, agus anois beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an comórtas réigiúnda […]
Yearly Archives: 2017
An tseachtain seo fuair muid bosca nua Lego sa seomra ranga agus thosaigh na gasúir ag tógáil rudaí difriúla leis le linn am gníomhaíochtaí ar maidin. Rinne Alex madadh beag. Rinne Tara agus Kaylagh daoine beaga.
An tseachtain seo rinne muid dul siar ar na leabhra Gaeilge a bhí léite againn ó thús an tréimhse agus chur muid na habairtí as na leabhair le chéile. Seo mar a d’éirigh linn.
An tseachtain seo caite thosaigh muid ag traenáil iománaíocht le Padraic Ó Loinsigh. Bhí an spóirt agus craic againn ag an gcéad seisiúin.
Tá na páistí i naíonáin bheaga ag foghlaim faoi na Gardaí faoi láthair. Is post an-tabhachtach é. Tá stáisiún na nGardaí againn sa seomra ranga. Tá na páistí ag ligint orthu gur gardaí agus gadaí iad! Tháinig Garda Gráinne ar cuairt chugainn. Thaispeáin sí a éide dúinn. D’éisteamar leis […]
Tháinig éan nua chugainn inniu – an Meantán Mór! Tá cloigeann dubh aige le leicne bána, bolg buí, le stríoc dhubh síos sa lár.
Tá muid ag foghlaim faoi na héin atá ina gcónaí I dtimpeallacht na scoile. Mar sin chroch muid suas beathadáin éan taobh amuigh de fhuinneog an ranga le feiceáil cé na héin a thiocfaidh. Seo roinnt pictiúir a ghlac muid de na héin bheaga a thánig go dtí seo!
Tá muid ag déanamh taighde ar teas faoi láthair. Ar dtús fuair muid amach faoin teocht é féin agus codarsnacht idir an teas inár seomra agus an fuacht taobh amuigh. Ansin thosaigh muid ag fáil amach faoi inslitheoirí and seolteoirí teas. Rinne muid turgnamh inár chur muid ciúbanna leac oighir […]
Faoi láthair tá muid ag foghlaim faoin gceiliúradh a dhéanann muintir an tSeapáin le linn an féile Shogastu. Tá a fhios againn gur é an ceann is tabhachtaí dóibh. Rinne muid radharc ina raibh an Scrín ann a dhathú níos luaithe sa tseachtain . Seo é an áit onóra atá […]
Is breá linn a bheith breá gníomhach i Rang a hAon. Chuile lá trí huaire in aghaidh an lae éiríonn muid agus déanann muid beagán damhsa sa seomra chun muid féin a choinneáil breá gníomhach.