Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Eolaíocht i Rang 2

Tá muid ag déanamh taighde ar teas faoi láthair. Ar dtús fuair muid amach faoin teocht é féin agus codarsnacht idir an teas inár seomra agus an fuacht taobh amuigh.  Ansin thosaigh muid ag fáil amach faoi inslitheoirí and seolteoirí teas. Rinne muid turgnamh inár chur muid ciúbanna leac oighir ar spúnóga éagsúla – miotal, plaistic agus adhmad. Ansin chuir muid na spúnóga ar mála uisce the chun fáil amach cé acu a oibríonn mar inslitheoir.

Tar éis tamall ghearr bhí an cheann ar an miotal iomlán leáite agus an cheann ar an spúnóg plaistic tosaithe ag leá. D’fhan an cheann ar an spúnóg adhmad reoite ar feadh an t-am is faide. Mar sin d’fhoghlaimid gurb é adhmad an t-inslitheoir is fearr.

%d bloggers like this: